->Gaeilge

TEANGEOLAÍOCHT NA GAEILGE 1999

FÓGRA COMHDHÁLA

Tionólfar an Ceathrú Comhdháil do Theangeolaíocht na Gaeilge/Cànanachas na Gàidhlig i Roinn na Ceiltise, Ollscoil Dhún Éidean, Dé hAoine 16 agus Dé Sathairn 17 Aibreán 1999. Tosóidh na himeachtaí tráthnóna nó oíche Dé hAoine (ag brath ar líon na bpáipéar) is beidh Fáiltiú ann ag 8.30 i.n. Tosóidh léachtaí an tSathairn ar maidin agus leanfaidh siad go dtí 5.00 i.n. ar a dhéanaí. Beidh dinnéar Comhdhála ann an oíche sin ar chostas c. £25. Iarrtar ar dhaoine ar spéis leo páipéar a léamh ag an gComhdháil seo teideal an pháipéir mar aon le hachoimre ghairid (c. 100-300 focal) a sheoladh ROIMH 12 FEABHRA chuig Rúnaí na Comhdhála, Roibeard Ó Maolalaigh (seoladh thíos). Cuirfear fáilte ar leith roimh pháipéir a mbeidh baint éigin acu leis an dá theanga (Gaeilge agus Gàidhlig). Socrófar an clár de réir na n-iarratas a gheofar roimh an dáta sin. Ní mór do bhaill uilig na Comhdhála foirm chlárúcháin a líonadh isteach is a chur chuig Rúnaí na Comhdhála roimh 12 Feabhra, i dteannta an táille chuí (a chlúdóidh Fáiltiú na hAoine agus costas tae is caife an tSathairn).

Táillí An Chomhdháil: £10 (£5 micléinn amháin)
Dinnéar na Comhdhála: £25 (le cinntiú)

Cuirtear gach comhfhreagras eile chuig Rúnaí na Comhdhála:

An Dr Roibeard Ó Maolalaigh
Roinn na Ceiltis
Oilthigh Dhun Éideann
19-20 George Square
Edinburgh EH8 9LD
Guthán: (+44) 0131 650 3622/23
Facs: (+44) 0131 650 3626
Ríomhphost: Roibeard.O.Maolalaigh@ed.ac.uk
Gheofar tuilleadh eolais faoin gComdhdháil ag: http://www.arts.ed.ac.uk/celtic/comhdhail/

FOIRM CHLÁRÚCHÁIN

Ainm:
Seoladh:




Guthán:
Facs:
Ríomhphost:
Teideal páipéir:

Leis seo, cuirim táille £10 [ ], £5 [ ] (micléinn amháin), íocaíocht £ 25 [ ] don dínnéar.
(Cuir tic sna boscaí cuí.)


->Teangeolaíocht na Gaeilge
->Celtic Home Page